Ráiteas an Chathaoirligh 2004

Printer-friendly versionPrinter-friendly versionSend by emailSend by emailPDF versionPDF version

Mary Hilda Cavanagh, Cathaoirleach

Mary Hilda Cavanagh
Cathaoirleach

 

Is pribhléid mhór domsa mar Chathaoirleach ar Chomhairle Contae Chill Chainnigh Tuarascáil Bliantúil na bliana 2004 a chur i bhur láthair. Rianaíonn an Tuarascáil gníomhaíochtaí iomadúla agus éagsúla na Comhairle ar fud an Chontae sna réimsí seirbhíse uile.

Ar bhuachphointí na bliana áirítear:-

  • Glacadh le pleananna limistéir le haghaidh Bhaile Héil, Chnoc an Tóchair, Bhéal Átha Ragad, Inis Tíog agus Áth na nUrlainn.

  • Glacadh leis agus foilsíodh Plean Limistéir Áitiúil chun Ceantar Iartharach Chathair Chill Chainnigh a chur chun cinn.

  • Tá an chéad ionad athchúrsála dá cuid oscailte ag Comhairle Contae Chill Chainnigh ag ionad Líonadh Talún an Dúin Mhóir. Meastar gur ardaigh soláthar na háise nua-aimseartha seo, mar aon leis an bhfáil forleathan atá ar an mbailiúchán cois bhóthair ráta athchúrsála an Chontae i 2004 go 18%.

  • Bhí tarraingt ar timpeall agus 30,000 cuairteoir ar Gháirdíní Woodstock.

  • Cuireadh foireann fhorfheidhmithe lántiomnaithe ar bun i mí Eanáir 2004 chun déileáil le fadhb na dumpála mídhleathaí agus le gearáin ón bpobal.

 

Tá dul chun cinn déanta ar thionscadail bhonneagair éagsúla
Ar na scéimeanna tábhachtacha ar tugadh fúthu bhí:

  • N8 Baile Mhic Cullach/Caiseal - Ordú Ceannaigh Éigeantaigh (OCE) deimhnithe ag an mBord Pleanála.

  • N9 Cill Chuillinn/Port Láirge - doiciméad OCE á ullmhú.

  • N77 Leathnú Chuarbhóthar Chill Cainnigh - Tairiscintí le haghaidh obair thógála faighte i mí na Nollag.

  • R700 Loch an Fháltaigh - Droichead Binéid.

  • Nascbhóthar Cheantar Oirthearach Chathair Chill Chainnigh.

  • R910 Dearadh - Scéim Bhainistiú Tráchta Bhóthar Phort Láirge.

  • Dearadh - Bóthar Faoisimh Istigh Chill Chainnigh.

  • Seachród Ghráig na Manach - OCE deimhnithe.

  • N9 Deisceart Mhuileann an Bhata agus sráidbhaile Mhuileann an Bhata.

  • N10 Cill Chainnigh go hacomhal Ghabhráin.

  • N24 An Ghreanach go Baile Mhic Grifin.

  • Chuir Comhairle Contae Chill Chainnigh tithe ar fáil do 100 teaghlach.

  • Caitheadh €2 milliún ar iasachtaí; bhain €448,300 den chaiteachas sin le Tithíocht ar Phraghas Réasúnta.

  • Tugadh deontas do 54 dhuine a thug faoi obair riachtanach athnuachana le haghaidh daoine faoi mhíchumas.

  • Glaodh amach ar bhriogáid dóiteáin Chill Chainnigh níos mó ná 1000 uair i 2004. Ar an meáin thóg sé 5.9 nóiméad chun an inneall dóiteáin a réiteach chun bealaigh ón uair a fuarthas an glaoch. I 41.24% de chásanna éigeandála bhí an tseirbhís dóiteáin ar an láthair 10 nóiméad nó níos lú tar éis an am ar glaodh uirthi, i 47.44% de chásanna 20 nóiméad nó níos lú agus i 11.94 cás thóg sé níos mó ná 20 nóiméad.

 

Ba mhaith liom an comhoibriú agus an chabhair a fuair mé ó mo chomhghleacaithe comhairleoirí a admháil agus an deis seo a thapú lena rá, agus é sin a chur ar thaifead, gur mhór agam an comhoibriú agus an chabhair sin. Ba mhaith liom freisin ómós a thabhairt don Bhainisteoir Contae agus dá fhoireann faoin modh ar chabhraíodar liom le mo dhualgais a chomhlíonadh. Ba mhór an sásamh a bhain mé as an am a chaith mé mar Chathaoirleach agus táim ag breathnú ar aghaidh ar na dúshláin atá le teacht.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an gCathaoirleach a chuaigh romham, an Comhairleoir Bobby Aylward a chomhoibrigh agus a thug cabhair dom i rith na bliana.

 

__________________________

Mary Hilda Cavanagh

Cathaoirleach